Buaiteoirí Corn Alan Mhic Con Iomaire, trí bliana as a chéile! Tá muid fíor bhródúil as na gasúir ar fad a thóg páirt! Bhí dhá thráthnóna iontach ag na gasúir!
Ghlac gasúir na hArdranganna páirt sa bhFéile Náisiúnta Scoil Drámaíochta arís i mbliana, leis an dráma Labhraí Loingseach. Is sean scéal álainn é, agus thug Pádraic cúnamh dúinn é a léiriú agus blas grinn a chur leis! Tá muid fíor bhuíoch do Phádraic as an gcúnamh a thug sé dúinn agus an chruthaitheacht a thug sé don dráma. Tá muid fíor bhuíoch freisin d'fhoireann, do thuismitheoirí agus pobal na scoile a chabhraigh linn i go leor bealaí; agus na seiteanna a ullmhú, a phéinteáil agus a iompar ag chuile chomórtas.
Bhí sceitimíní orainn agus muid ag dul thrí na céimeanna, ón gcomórtas áitiúil go dtí Féile an Chúige, agus ansin ar aghaidh go dtí an Féile Náisiúnta!
Is cinnte gur bhraith na moltóirí gur dráma fíor bharúil a bhí ann, mar bhain muid amach duais An Dráma is mo Grinn sa bhFeile Náisiúnta! Comhghairdeas mhór freisin le Mattie i Rang a 6, a fuair duais An Aisteoir is Fearr sa bhféile áitiúil i nDroichead an Chláirín!
Tá muid chomh bródúil as na gasúir agus an obair a chur siad isteach sa dráma seo. Bhí an oiread craic agus spraoi againn le linn an chleachtadh agus na comórtais iad féin. Tá sé feiceálach go bhfuil fás agus forbairt déanta ag na gasúir ina gcuid féin mhuinín de bharr bheith páirteach in imeacht mar seo. Maith sibh! 😀
Tá ríméad orainn go bhfuil An Bratach Glas bainte amach againn, tar eis cúpla blian ag obair go crua ar an téama Bruscar & Dramhaíl.
Bhí Coiste Glas na scoile ag obair le chéile chun imeachtaí áirithe glantacháin agus bailiúcháin bruscair a dhéanamh sa scoil. Tá meas agus bród ag gasúir SNC ina dtimpeallacht féin agus ar ndóigh ar thimpeallachtaí & imshaoil ar fud an domhain. Coinneoidh muid orainn ag athchúrsáil agus ag sábháilt fuinneamh! Ár míle buíochas le Máistreás Eilís agus Máistir Niall, a threoraigh agus & a chabhraigh leis an fhoireann & na gasúir an Bratach seo a bhaint amach.
Comhghairdeas le sar scríbhneoirí SNC, a ghlac pairt i dTionscnamh Scríobh Leabhar i mbliana. Bhí an bua ag cupla duine as chuile rang, agus bhailigh siad a gcuid duaiseanna ag searmanas speisialta i mBóthar na Trá i mí Aibreán. Maith sibh! 😊
Ar 16 Bealtaine, thug Ambasadóir na hUngáire in Éirinn, István Pálffy, agus a bhean chéile, Judit, cuairt ar ár scoil. D'éist sé leis na páistí ag canadh amhráin trí Ghaeilge, ag seinm amhráin le hionstraimí ar nós an fheadóg stáin, an veidhlín, an giotár agus an bosca ceoil. Bhreathnaigh sé go ndéanfadh na páistí roinnt damhsa Gaelach, agus ag an deireadh ghlac sé ceisteanna den scoth ó na páistí i seisiún ceisteanna agus freagraí. Ba mhór an taithí a bhí ann.
Comhghairdeas mór milteach le chuile ghasúir beo a ghlac páirt agus a bhuaigh an comórtas idir scoileanna. Táimid thar a bheith bródúil asaibh! Míle buíochas chomh maith leis na traenáilithe agus na tuismitheoirí a chabhraigh leis na gasúir an ócáid álainn seo a bheith acu!
Copyright © 2024 Scoil Naomh Ciarán - All Rights Reserved.
Powered by GoDaddy