Beidh muid ag tosaigh ar ais ag snámh ar an 3ú lá de Feabhra sa Kingfisher i nGaillimh.
Mar chuid de Seachtain na Scoileanna Caitliceach beidh muid ag cuir fáilte roimh seantuismitheoirí na ngasúir le labhairt linn faoin saol mar a bhí fadó.
D'éirigh thar cionn linn leis an Lotto an téarma seo caite! Tá muid fíor bhuíoch do chuile dhuine a ghlac páirt ann.Má bhíonn a ndóthain suime ann leanóidh muid leis arís an téarma seo.
Beidh an scoil ag dúnadh leath lae mar cheann de na laethanta cruinnithe foirne a bhíonn againn gach bliain. Beidh an scoil ag dúnadh ag 11.20 do na páistí.
.
.
Tá ciorcal comhrá tosaithe in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna. Bíonn sé ar siúl idir 8.00 pm agus 9.30 pm chuile oíche Luan.
Deis iontach é do dhaoine cúpla focal a fhoghlaim nó cur leis an méid atá acu cheana féin. Tuilleadh eolas ar 087-1678607 nó 087-6064125
Oíche oscailte Coláiste na bPiarsach ar an Déardaoin 28ú Samhain 2019 ón 7-9i.n fáilte roimh rang a 5 agus 6
Campa cócaireachta na Nollag ar siúl an 7ú Nollaig 2019-Níl aon am socraithe fós. Do pháiste 7-12bl. Costas €15 an duine. Chuaigh an foirm iarratais abhaile sna malaí ar an 15/11/2019.
A chairde, chuaigh cúpla ceistneoir abhaile inniu, más é bhur dtoil é líon iad agus seol ar ais chuig na scoile roimh an 20/11/2
Oíche Dé Céadaoin beag seo 20ú Samhain 2019 ag 8.00i
Bhí tráthnóna iontach ag na gasúir, d'imir siad agus bhuach siad trí cluiche. Bhí chuile dhuine ag imirt i chuile cluiche agus bhí siad thar barr.
Fáilte roimh scolairí & tuismitheoirí rang 5 & 6. Seisiún Eolais ón bPríomhoide ag 5.30in agus do thuismitheoirí ar bheagán Gaeilge ag 6.15in
Cloigh leis an riail! An rud is tábhachtaí ná go gcaithfidh gasúr fanacht sa mbaile ar feadh 48 uair an chloig tar éis babhta múisce nó buinnigh.
Beidh County Photos linn ag an 10 maidin Dé hAoine an cúigiú lá déag de Shamhain.
Tá Coiste na dtuismitheoirí ag eagrú raifil mór na Nollag. Beidh na ticéid seo le díol ag páistí na scoile mar aon le comhlachtaí áitiúla. Tá duaiseanna den scoth ar fáil agus tuilleadh eile nach bhfuil luaite thuas.
Beidh raifil san ionad pobal ag Dráma na Nollag, beidh cúpla rud le fáil ag gach teaghlach le cur sa gciséan i mbliana. Seoladh abhaile píosa páipéar inniu leis na hearraí atá le ceannacht agaibh.
Beidh muid ag fágáil na geansaithe scoile sa bhaile ar an 13ú lá de mhí na Nollag ar mhaithe le Ospidéal Chrumlin. Tá muid chomh sásta a bheith ag tabhairt tacaíocht dóibh an bhliain seo, tugann siad aire agus tacaíocht den scoth do pháiste na tíre seo go laethúil.
Beidh dráma na Nollag againn Déardaoin 5ú Nollaig ag a 6. Beidh trí chiseach álainn duaiseanna le buachan ar an oíche. Míle buíochas leis na tuismitheoirí uilig & le foireanna na scoile a thug earraí isteach.
Copyright © 2024 Scoil Naomh Ciarán - All Rights Reserved.
Powered by GoDaddy